Caibidil 1
1 Do bhrígh gur ghabhadar mórán do láimh sdair do sgríobhadh air na neithibh agá bhfuil a sáirfhios aguinne,
2 Do réir mar thugadar na dáoine do chonnairc lé na súilibh rein ó thús, agus do bhí ag miniosdrálachd na bréithre, dhúinne íad;
3 Do chonncas damhsa mar an gceudna, a Theophilus ro oirdheirc, ar bhfagháil feasa iomlan gach uile neithe ó na bhfíorthosach dhamh, a sgríobhadh chugadsa a nórdughadh,
4 Do chum go mbía deimhin na mbriathar, do múineadh dhuit agad
5 Re linn Iorúaith, rí thire Iúdaighe, do bhí sagart airighe dár bhainm Sacharías, do sheal Abía: agus a bhean dingheanuibh Aaróin, agus, Elísabet do baimn dhi.
6 Agus do bhádar a ráon nit ndáoinibh fíreanta a bhfíadhnuisi Dé,ag siobhal go neimhchiontach ann uile aitheantuibh agus órduighthibh an Tighearna.
7 Agus ní raíbh, shiochd orrtha, do bhrígh go raibh Elisábet aimrid agus go raibh áois mhór aca ar áon.
8 Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh oifige an tsagairt a bhfiadhnuisi Déann a sheal fein,
9 Do réir ghnáthuighthe oifige an tsagairt, go ráinic dhó an túis do losgadh tar éis dul a sdeach go teampoll an Tighearna dhó.
10 Agus do bhí coimhthionól an phubail uile ag déanamh úrnuighe a muigh a naimsir na túise.
11 Agus do taidhbhreadh dhó aingeal an Tighearna na sheasamh ar an dtáoibh ndeas daltóir na túise.
12 Agus ar na fhaicsin do Shacharías, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus do ghlac eagla é.
13 Achd a dubhairt an taingeal ris, Ná bíodh eagla ort, a Shacharías: óir do héisdeadh húrnuighe; agus béaruidh do bhean Elisábet mac dhuit, agus do bhéara tú Eóin mar ainm air.
14 Agus budh gáirdeachus agus lúathgháire dhuit é; agus biaidh lúathghaire ar mhóran fa na bhreith.
15 Oir bíaidh sé na dhuine mhór a bhfíadhnuisi an Tighearna, agus ni íobha sé fíon na deoch láidir; agus fós bíaidh sé lan don Spiorad Náomh, ó bhroinn a mháthar.
16 Agus fillfidh sé mórán do chlannuibh Israél chum an Tighearna a Ndia féin.
17 Oir géubhaidh seisean roimhesan a spioraid agus a shubháilce Elias, dfilleadh chroidheadh na naithreach chum na cloinne, agus na neasmhal chum gliocuis na dáoine gcomhthrom; agus dullmhughadh phobuil dhiongmhálta don Tighearna.
18 ¶ Agus a dubhairt Sacharías ris an aingeal, Cionnas bhías a fhios so agamsa? óir a táim um dhuine arsuidh, agus a tá áois mhór ag am mhnáoi.
19 Agus ar bhfreagra don aingeal a dubhairt sé ris, Is misi Gabríel, sheasas a bhfíadhnuisi Dé; agus do cuireadh mé do labhairt riotsa, agus dinnsin na núaidheachd maith so dhuit.
20 Agus, féuch, bíaidh tú gan úrlabhra, agus ní bá héidir leachd labhairt, go soithe an lá an a dtiocfaid na neithe so chum críche, do bhrígh nar chréid tu dom bhríathraibhsi, noch coimhlíonfuighear na nam féin.
21 Agus do bhí an pobal ag fuireach ré Sacharías, agus do biongnadh léo an fad do fhan sé sa teampoll.
22 Agus ar ndul a mach dhó, nír bhéidir leis labhairt ríu: agus do aithnigheadar go bhfacaidh sé taidhbhsi sa teampoll: óir do sméid sé orrtha, agus do fhan sé balbh.
23 Agus tárla dhó, an tan do coimhlionadh laéthe a mhiniosdrálachda, go ndeachaidh sé dhá thigh féin.
24 ¶ Agus tar éis na laethesi, do toirrcheadh Elisabet a bheansân, agus do fholaigh si í féin ar feadh chuig mios, ag rádh,
25 Oír is mar so do rinne an Tighearna rium ann sna laethibh an ar fhéuch sé oram, do thógbháil mo neimhcheana dhiom a measg na ndáoine.
26 ¶ Agus an sa seisiodh mi, do cuireadh an taingeall Gabríel ó Dhía go cathruigh don Ghalilé, dár bainm Násaret,
27 Dionnsuighe óighe ar a raibh ceart ag fear do thigh Dháibhí, dár aínm Ióseph; agus do bé do bainm do nóigh, Muire.
28 Agus ar ndul a sdeach dit hionnsuighe do naingeal, a dubhairt se, Dia do bheatha a ógh roghrásamhuil: a tá an Tighearna maille riot: is beannuighe thú eidir na mnáibh.
29 Agus an tan do chonnairc sí é, do bhí sí ar na búaidhreadh fá na bhriathraibh, agus do bhí sí ag smúaineadh créd an ghné bheannughtheaso.
30 Agus a dubhairt an taineal ria, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire: óir fúair tú grása ó Dhía.
31 Agus, féuch, bíaidh tú torrach ad bhruinn, agus béaraidh tú mac, agus do bhéara tú IOSA dainm air.
32 Bíaidh se mór, agus goirfidhear Mac an té is Airde dhe: agus do bhéura an Tighearna Día caithír Dháibhí, athar féin dhó.
33 Agus bíaidh sé na righ ar thigh Iácob go bráth; agus ní bhía deireadh ar a ríoghachd.
34 Agus a dubhairt Muire ris a naingeal, Cionnas bhías so, óir ní bhfuil fios fir agamsa?
35 Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt se ría, Tuirléonguidh an Spiorad Náomh ort, agus foiléochaidh cumhachda an té as Airde thú: uime sin an ní náomhtha bhéaras tú goirfighear Mac Dé dhe.
36 Agus, féuch, Elisabet do shiur, a tá sisi leis torrach air mhac ann a hárrsuigheachd: agus is sé so an seisiodh mí don mhnáoi úd, dá ngoirthear bean aimrid.
37 Oír ní bhía ní ar bith doidhéunta do Dhia.
38 Agus a dubhairt Muire, Féuch, banóglach an Tighearna; teagmhadh dhamhsa do réir do bhréithrisi. Agus do imthigh an taingeal úaithe.
39 ¶ Agus an tan do éirigh Muire ann sna laéthibh sin, do chúaidh sí go dheíthneasach chois sléibhe, go cathraigh Iúda;
40 Agus do chúaidh sí a steach go tigh Shacharías, agus do bheannaigh si Délisabet.
41 Agus tarla, mar do chúalaidh Elisabet beannughadh Mhuire, gur bhíog an náoidheanán ann a broinn; agus do bhí Elisábet air na líonadh don Spiorad Naomh.
42 Agus do éigh sí do ghuth mhór, agus a dubhairt si, Is beannaighthe thú eidir na mnáibh, agus is beannaighthe toradh do bhronn,
43 Agus cionnus do éirigh so dhamsa, go dtiocfadh matháir mo Thighearna féin chugam?
44 Oir, féueh, comhlúath is tháinic fúaim do bheannaighthe am chlúasaibh, do bhíog an náoidheanán lé gáirdeachus ann mo bhroinn.
45 Agus is beannaighthe au bhean do chreid: óir coimhlionfuidhear na neithe do gheall an Tighearna dhi.
46 ¶ Agus a dubhairt Muire, Adhmolaidh manam an Tighearna,
47 Agus do ní mo spiorad gáirdeachus a Ndía mó Shlánuightheóir.
48 Do bhrígh gur fhéuch sé ar úmhla a bhanóglaighe féin: oír, féuch, ó so súas goirfid na huile chine beannuighthe dhíom.
49 Oir do rinne an té a tá cumhachdach neithe móra dhamhsa, agos is náomhtha a ainm.
50 Agus a tá a thrócaire ó dhíne go díne don dréim ar a bhfuil a eagla.
51 Do rinne sé gníomh láidir lé na láimh; do spréigh sé na dáoine úraibhreacha a smúaintighe a gcroidheadh féin.
52 Do tharruing sé na dáoine cumhachdacha as a gcaithiribh, agus do árduigh sé na dáoine umhla.
53 Do líon sé na dáoine ocracha lé, neithibh maithe; agus do chuir sé úadh na dáoine saidhbhre folumh.
54 Do thóg sé súas Israél a shearbhfhoghantuidhe féin, do chuimhniughadh ar a thrócaire;
55 (Mar do labhair sé ré ar naith-reachuibh, Abraham, agus ré na shíol go bráth.)
56 Agus do fhan Muire na fochair timcheall thrí míos, agus do fhill sí dhá tigh féin.
57 ¶ Agus táinic ionbhuidh Elisabet ion ar mhídhid dhigh breath; agus rug sí mac.
58 Agus do chúaladar a comharsain agus a dáoine gáoil, gur fhoillsigh an Tighearna a thrócaire mhór féin di; agus do rinneadar gáirdeachus má ráon ria.
59 Agus tárrla, go dtangadar air a nochdmhadh lá do chum go ndéanaídís an náoidhe do thimcheallghearrádh; agus do ghoireadar Sacharias de, do reir anma a athair.
60 Achd ar bhfreagra dhá mháthair a dubhairt sí, Ni hámhluidh bhías; achd Eóin goirfidhear dhe.
61 Agus a dubhradar ría, Ní bhfuil éannduine dod chineadh dá ngoirthear an tainmsi.
62 Agus do rinneadar comhartha dhá athair, créd an tainm bá mían leis do thabhairt air.
63 Agus ar níarruidh cláir sgriobhtha dhosan, do sgríobh sé, ag rádh, Is Eóin is ainm dhó. Agus do ghabh iongantus íad uile.
64 Agus ar an mball do hosgladh a bhéulsan, agus a theanga, agus do labhair sé, ag moladb Dé.
65 Agus do ghabh eagla a gcomharsuin uile: agus do haithriseadh na neithe so uile chois tsléibhe thíre Iúdaighe uile.
66 Agus gach uile dhuine dhá gcúalaidh sin, do chuireadar a dtaisgidh an a gcroidhthibh féin iad, ag rádh, Créd é an sórt leinibh bhias so! Agus do bhí lámh an Tighearna maille ris.
67 Agus do bhí Sacharías athair, lán don Spíorad Náomh, agus do rinne sé faidheadóireachd ag rádh,
68 Go madh beannaighe au Tighearna Día Israel; ar son gur fhiosruigh sé agus gur fhúasgail sé a phobal féin,
69 Augs do thóg sé súas adharc na sláinte dhúinne a dtigh Dháibhi a shearbhfhoghantuidhe féin;
70 Do réir mar do labhair sé tré bhéul a fháidheadh náomhtha féin, do bhí ann ó thús an domáin:
71 Ga gcuimhdéochadh sé sinn ó ar naimhdibh, agus ó láimh gach uile dhuine agá bhfuil fúath dhuinn;
72 Go ndéanadh sé trócaire air ar naithreachuibh, agus go gcuimbnéochadh sé a thiomna náomhtha féin;
73 Agus ar an mionna lé a dtug sé móid Dábrahám ar nathairne, go dtiubhradh sé dhúinn,
74 Go mbémís gan eagla air ar sáoradh ó láimh ar námhad do chum seirbhisi do déanamh dhó féin,
75 A náomhthachd agus a bhfíréantacld na fhíadhnuisiséan, a laéthibh ar mbeatha uile.
76 Agus tusa, a leinibh, goirfithear diot faídh an té as Airde: óir rachuidh tú roimh aghaidh an Thighearna dullmhughadh a shligheadh;
77 Do thabhairt éolus na sláinte dá phobal tré mhaitheamhnus na bpeacadh,
78 Tré thrócaire ro mhóir ar Ndia féin; lér fhiosruigh sé sinn ag éirghe ón ionad árd,
79 Do thabhairt soillsi don droing do bhí na suidhe a ndorchadas agus a sgáile an bháis, agus do dhíorghadh ar gcos a slighe na síothchána.
80 Agus do fhás an leanabh, agus do neartuigheadh é a spíoruid, agus do bhí sé ar na fásuighibh go soithe an lá an ar fhoillsigh sé é féin Dísraél.
Caibidil 2
1 Agus tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh áithne ó Shéasar Augustus, an domhan uile do mheas,
2 (Ag so an céudmheas do rinneadh an tan do bhi Sirénius na úachdarán ar Shíria.)
3 Agus do chúadar eile dhá meas, gach áon fá leith dhá chathruigh féin,
4 Agus do chúaidh Ióseph mar an gcéudna súas ón Ghalilé, as an gcathraigh Nasarét, go tír Iúdaighe, go cathruigh Dhaibhi, dá ngoirthear Bétleem; do bhrígh go raibh sé do thigh agus do shliochd Dháibhí:
5 Ionnus go measfuigh é maille ré Muire do bhi ar na ceangal ris mar mhnáoi, ar mbeith dhi torrach.
6 ¶ Agns tárla, ar mbeith dhóibh ann sin, go dtangadar laéthe a hionbhuidhsean.
7 Agus rug sí mac a céudduine cloinne, agus do chuir sí giobuil cheangail na thimcheall, agus do chuir sí na luighe a mainséur é; do bhrígh nach raibh ait aca sa tigh ósda.
8 ¶ Agus do bhádar áodhairidhe sa dúithche sin na gcomhnuidhe a muigh, agns ag déanamh faire oidhche ar a dtréd.
9 Agus, féuch, do sheas aingeal an Tighearna láimh léo, agus do shoillsigh ghlóir an Tighearna na dtimcheall: agus do ghabh eagla mhór íad.
10 Agus a dubhairt an taingeal riú, Na bíodh eagla oruibh: óir, feuch, a táim ag soisgéulughadh dhíbh gáirdeachus mór, noch bhías do gach uile phobal.
11 Oír rugadh an Slánuightheoir dháoibh a niu, (éadhon Críosd an Tighearna,) a gcathruigh Dháibhí.
12 Agus ag so comhartha dhíbh; Do ghéubhtháoi an leanabh ceanguilte a ngiobluibh, na luighe a mainnséur.
13 Agus do bhí go hobann cuideachda mhór do shlúagh neamhdha a bhfochair an aingil ag moladh Dé, agus ag rádh,
14 Glóir do Dhía ann sna hárduibh, agus síodhcháin ar an dtalamh, deaghthoil do na dáoinibh.
15 ¶ Agus tárla, mar do imthigheadar na haingil úatha ar neamh, go ndubhradar na háodhairidhe ré chéile, Imthigheam anois don Bhetléem, agus féucham an ní so do rinneadh, noch do fhoillsigh an Tighearna dhúinn.
16 Agus tangadar go deithneasach, agus fuaradar Muire agus Ióseph, agus an náoidhe na luighe a mainnséur.
17 Agus an tráth do chonncadar sin, do aithriseadar an ní a dubhradh riú a dtimcheall an leinibhsin.
18 Agus na huile dháoine da gcúalidh so do ghabh iongantus íad fá na neitheibh a dubhradar na háodhairidhe ríu.
19 Achd do thaisgidh Muire na bríathrasa uile, dá mbreathnughadh ann a croidhe.
20 Agus do fhilleadar na háodhairidhe, ag tabhairt glóire agus ag moladh Dé tré gach ní da gcúaladar agus da bhfacadar, mar a dubhradh riú.
21 ¶ Agus an tan do coimhlíonadh ochd lá chum an leinibh do thimcheallgherradh, tugadh' IOSA mar ainm air, éadhon an tainm do ghoir an taingeal de suil do gheineadh a mbroinn é.
22 ¶ Agus an tan do coimhlíonadh laéthe glanta Mhuire do réir reachda Mháoisi, rugadar léo go Hiarusaléim é, da thaisbéanadh don Tighearna;
23 (Mar a tá scriobhtha a reachd an Tighearna, Gach céudghein mhic thuismeas brú bíaidh sé náomhtha don Tighearna;)
24 Agus do thabhairt ofrála, do réir mar a dearthar a reachd an Tighearna, Cúpla turtair, nó dha gheirrceach coluim.
25 ¶ Agus, féuch, do bhí duine a Níarusaléim, dár bhainm Símeon; agus do bhí an fearso comhthrom diadha, agus a shúil ré comhfhurtachd Israel: agus do bhí an Spíorad Náomh ann,
26 Agus do fhoillsigh an Spiorad Náomh dhó, nach bhfaicfeadh sé bás, nó go bhfhaicfeadh sé Criosd an Tighearna,
27 Agus táinic sé maille ré tréoir na Spioraide don teampoll: agus an tan thug a athair agus a mháthair an leanabh Iósa, do chum go ndéanaídis ar a shon do réir gnáthuighthe an dlighe,
28 Ann sin do ghabh seision chuige ann a uchd é, agus do mhol sé Día, agus a dubhairt sé,
29 A Thighearna, a nois leigeas tú dod shearbhfhoghantuidhe imtheachd a síodhchain, do réir tfhocail féin:
30 Oir do chonncadar mo shúile do shlánughadhsá,
31 Noch do ullmhuigh tú a bhfíadhnuisi na nuile phobal.
32 Solus do dhéunadh soillsi do na Cineadhachuibh, agus glóir do phobail féin Israél.
33 Agus do ghabh iongantus Ióseph agus a mháthairsion fá na neithibh a dubhhradh na thimcheall.
34 Agus do bheannuigh Símeon íad, agus a dubhairt sé ré Muire a mhathairsion, Féuch, a tá sé so ar na órdughadh do chum tuitme agus eiséirghe mhóráin a Nisraél; agus na chomhartha agá gcuirfithear na aghaidh;
35 (Agus fós, rachaidh cloidh éamh tré thanamsa mar an gcéudna,) do chum go nochdfuidhe smúaintighthe as mórán do chroidhibh.
36 ¶ Agus fós do bhí Anna, banfháidh, inghean Phánuel, do threibh Aser: do bhi aois mhór aiceso, tár éis seachd mblíadhna do chaitheamh dhi ag fear a ndiáigh a maighdeannis;
37 Agus ar mbeith na baintreabhuigh a dtinicheall cheithre mblíadhan agus cheithre tichid dhi, níor fhág sí an teampoll, achd ag déunamh seirbhísí do Dhía do ló agus doidhche le trosgadh agus lé húrnuighthe.
38 Agus táinic so do láthair ar an úair gcéudna agus dadmhuigh sí na thimcheall ré gach áon agá raibh súil ré fúasgladh an Iarusaléim.
39 ¶ Agus mar do chríochnuigheadar gach uile ni do réir reachda an Thighearna, do fhilleadar don Ghalilé, da gcathruigh féin Násarét.
40 Agus do fhás an macaomh, agus do neartuigheadh é a spioraid, agus do bhí sé lán deagna: agus do bhí grása Dé maille ris.
41 ¶ Agus do ghnáthuigheagh a athair agus a mháthair dul gach a blíadhna go Híarusaléim a sollamuin na cásg.
42 Agus ar mbeith dhá bhliadhan déug dho, do chuadar suas go Híarusaléim, do réir ghnáthuighthe na sollamna.
43 Agus are geríochnughadh na, láetheadh sin, an tan do fhilleadarsan, dfan anleanabh Iósa a Níarusaléim; gan fhios do Ióseph ná dhá mháthair.
44 Agus, an tan do shaóileadar go raibh sé na gcuideachda, do shiobhladar asdar laoi; agus diarradar é a measg a ndaoine gaoil agus aitheanta.
45 Agus an tan nach bhfúaradar é, do fhilleadar arís go Híarusaléim, dhá iarruigh.
46 Agus tárla, trí lá dá éis sin, go bhfúaradar é ann sa teampoll, na shuidhe a measg na ndoctúireadh, ag éisdeachd ríú, agus ag cur cheasd ortha.
47 Agus do ghabh iongnadh gach uile dhuine dá gcúalaidh é fá na thuigsin agus fá na fhreagarthaibh.
48 Agus ar na fhaicsin dóibh, do ghabh úathbhás iad: agus a dubhairt a mháthair ris, A mhic, créd fá ndearna tú mar so rinn? Féuch, do bhí misi agus dathair lán do dhobhron dod lordaireachd.
49 Agus a dubhairt seision ríu, Créd fá rabhabhair dom lorgaireachdsa? An né nach raibh a fhios agaibh gur bhéigin damhsa bheith ag déanamh ghnódhaighthe Mathar?
50 Achd níor thuigeadarsan na briathra do labhair se ríu.
51 ¶ Agus do chuáidh sé léo síos, agus táinic sé go Násaret, agus do bhí sé umhal dóibh: agus do thaisgidh a mháthair na briathra so uile an a croidhe.
52 Agus dó bhí Iósa ag fás an eagna, agus a naóis, agus a ngean ag Día agus ag daóinibh.
Caibidil 3
Seanmoir agus teasdas Eóin um Chriosd, 21 teasdas Dé nime: 23 agus a shinnsiorrachd thaoibh Ioseph.
1 Agus an-cuigeadh bliadhan déug dimpireachid Thibérius Séasar, ar mbeith do Phonsius Phioláid na úachdarán a ttir Iúdáighe, agus Ioruáith na théatrarc sa Ngalilé, agus Philip a dhearbhrathair na théatrarc air Ituréa agus air chrích Thrachonítis, agus Lísánias na thetrarch air Abiléne,
2 An tan do bhí Annas agus Caiphás na nárdshagartuibh, tháinic bríathar Dé chum Eóin mhic Sacharías san bhfásach.
3 Uime sin tháinic sé ar feadh na dúithche a dtimcheall Iórdan, ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe chuin maithmbeachuis na bpeacadh;
4 Mar a tá sgríobhtha a leabhar comhráidhteagh Esaías fáidh, a deir, Guth an té éighmheas ar an bhfásadh, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasáin díreach.
5 Líonfuidhear gach uile ghleann, agus ísleochthar gach uile sliabh agus chnoc; agus béid na neithe cama díreach, agus na slighthe garba mín;
6 Agus do chífi gach uile fheoil slanughadh Dé.
7 Uime sin a dubhairt sé rís a tslúagh tháinic a mach do chum go mbaisdfeadh seisean íad: A shliochd na naithreach neimhe, cía thug rabhadh dhaóibh teitheadh ón fheirg a tá ag teachd?
8 Ar a nadhbharsin tabhraidh tórrtha bhus iomchubhaidh don naithrighe úaibh, agus ná tionsgnaidh a rádh ionnaibh féin, A tá Abraham na athair aguinn: oír a deirimsi ribh, Gur ab éidir lé Dia clann do dhúsachd as na clochmibhse féin D’abraham.
9 Agus a tá an tuáigh a nois fós ar na cur chum fréimhe na gcrann: ar a nadhbharsin gach uile chrann nach dtabhair toradh maith gearrthar é, agus teilgthear sa teinidh é.
10 Agus do fhíafruigh an slúagh nile dhe, ag rádh, Ar a nadhbharsin créud do dheunam?
11 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té agá bhfuil dá chóta, roinneadh ris an té ag nach bhfuil; agus gidh bé agá bhfuil bíadh, déanadh sé mar an gcéudna.
12 Agus tangadar na puibliocáin mar an gcéudna ionnus go mbaisdfidhe íad, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, créud do dhéunáimné?
13 Agus a dubhairt seision ríu, Na déunuidh ní sa mhó ná do horduigheadh dhaóibh.
14 Agus do chuireadar na saighdiúirígh fós ceisd air, ag rádh, Agus créad do dhéunuimne? agus a dubhairt seisean ríu, Ná déunaidh foiréigean ar dhuine ar bith, agus ná hagraidh duine ar bith go heugcórach agus go madh lór libh bhur dtúarasdal féin.
15¶ Agus ar mbeith ag feitheamh don phobal, agus ag smúainiughadh dhóibh uile an a gcroidhthibh a dtimcheall Eóin, nar bheisean Chríosd,
16 Do fheagair Eóin, ag rádh ríu uile, Baisdeamsa sibh go deimhin lé huisge; achd a tá neach is nearthmhuire ná misi ag teachd, ag nach fiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh: baisdfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh agus lé teinidh:
17 Aga bhfuil a chríathar an a láimh, agus glanfidh sé a urlár féin, agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá sgiobol féin; achd loisgfidh sé an cháith lé teine nách eidir a mhúchadh.
18 Agus ag teagasg mhóráin eile fós dó do mhinigh sé an siosgéul don phobal.
19 ¶ Agus ar gcur an aghaidh Iórúaith an Téatrarca dhó, fá Heródias bean Philip a dhearbhrathar, agus fá gach uile olc dá ndearna Iorúaith,
20 Do chuir sé so leis do bhárr ar gach ní, gur dhúin sé ar Eóin a bpríosún.
21¶ Agus tárla, an tan do baisdeadh an pobal uile, agus do bhí Iósa agá bhalsdeadh, agus ag déanamh úrnaighthe, gur bosgladh neamh,
22 Agus gur thuirrling an Spiorad Náomh a bhfioghair chorpardha mar cholum air, agus do dtáinic guth ó neamh, ag rádh, Is tú mo Mhac grádhachsa; is ionnadsa a tá mo dheaghthoil.
23 ¶ Agus do bhí Iosa féin a dtimchioll a dheichmblíadhan fichead dáois, ar mbeith (do réir bhreathnuighthe na ndáoine) na mbac ag Ióseph, mhic Héli,
24 Mhic Matthat, mhic Lébhi, mhic Melchi, mhic Ianna, mhic Ioseph,
25 Mhic Matatías, mhic Amos, mhic Náum, mhic Esli, mhic Nagge,
26 Mhic Máat, mhic Matatías, mhic Sémei, mhic Ióseph, mhic Iúda,
27 Mhic Ioanna, mhic Résa, mhic Sorobábel, mhic Salatíel, mhic Néri,
28 Mhic Melchí, mhic Addi, mhic Cósam, mhic Elmodam, mhic Er,
29 Mhic Ióse, mhic Eliéser, mhic Iórim, mhic Matthat, mhic Lébhi,
30 Mhic Siméon, mhic Iúda, mhic Ióseph, mhic Iónan, mhic Eliácim,
31 Mhic Meléa, mhic Mainán, mhic Matata, mhic Nátan, mhic Dháibhi,
32 Mhic Iessé, mhic Ohéd, mhic Boós, mhic Salmon, mhic Náasson,
33 Mhic Aminadab, mhic Aram, mhic Esrom, mhic Pháres, mhic Iúdah,
34 Mhic Iácob, mhic Isaac, mhic Abraham, mhic Tará, mhic Náchor,
35 Mhic Sáruch, mhic Rágu, mhic Phálec, mhic Héber, mhic Salá
36 Mhic Cáinan, mhic Arphcsad, mhic Sem, mhic Noé, mhic Lámedh,
37 Mhic Matúsala, mhic Enoch, mhic Iáred, mhic Maleléel, mhic Cáinan,
38 Mhic Enos, mhic Séth, mhic Adhaimh, mhic Dé.
Caibidil 4
Troiscthe Chríosd, 13 bhúadhaigh sé ar an deamhan lámh ar láimh. 14 A sheanmóir, 41 agus admhil na ndeamhan féin nime.
1 ¶ Agus ar mbeith Diosa lán don Spiorad Náomh, do fhill sé tar a ais ó Iórdan, agus do tréornigheadh leis an Spioruid ar an bhfásach é,
2 Feadh dhá fhichead lá an díabhal ag cur chathuighthi air. Agus níor ith sé uí ar bith ann sna laéthibh sin: achd ar na gcríochnnghadh, ann sin do ghabh ocras é.
3 Agus a dubhairt an Díabhal ris, Más tú Mac Dé, abair ris an gcloichsi bheith na harán.
4 Agus do fhreagair Iósa é, ag rádh, A tá sgríobhtba, Nach lé harán a mháin mhairfios an duine, achd lé gach uile bhréithir Dé.
5 Agus an tan do thréoruigh an díabhal é, ar shlíabh árd, do thaisbén sé ríoghachda na talmbum uile dhó moimeint daimsir.
6 Agus a dubhairt an diabhal ris, Do bhéara misi na cumhachda so uile dhuit, agus a nglóir: óir do tugadh dhamshsa í; agus do bheirim í don tí as toil leam.
7 Ar a nadhbharsin má adhrán tusa dhamhsa, budh leachd íad uile.
8 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, Imthigh úaim, a Shátain: óir a tá sgríobhtha, Do dhéana tú do Thighearna Día féin dadhradh, agus is dó na áonar do dhénna tú seirbhís.
9 Agus do thréoruigh sé é go Híarusalím agus do shuighidh sé é ar bheinn an teampoill, agus a dubhairt sé ris, Mas tú Mac Dé teilg thú féin síos as so:
10 O’ir a tá sgriobhtha, Do bhéura sé áithne dhá áinglibh ad thimcheall, thusa do choimhéud:
11 Agus toigéubhuid eidir a lámhuibh thú, deagla go mbuailfea do chos fá chloich úair ar bith.
12 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, A dubhradh, Ni chuirfe tú cathughadh ar an Dtighearna do Dhía féin.
13 Agus ar ccur críche ar a chathuighthibh uile don díabhal, dtág sé eisean ar feadh tamuill.
14 ¶ Agus dó chas Iósa maille ré cumhachdaibh na Spíoruide don Ghalilé: agus do chúaidh a chlú ar feadh na tire na thimcheall.
15 Agus do theaguisg sé ann a síonagógaibh súd, ag fagháil glóire ó gach uile dhuine.
16 ¶ Agus táinic sé go Násaret, mar ar hoilleagh é: agus, do chúaidh sé a steach mar budh gnath leis, lá na sábboide don tsinagóig, agus do éirigh sé na sheasamh do leughthóireachd.
17 Agus tugadh leabhar Esáias fáidh dhó, agus an tan do osgail sé an leabhar, fuair se an tionad an a raibh sgríobhtha,
18 Ta Spíorad an Tíghearna oramsa, tré gur ong sé mé do chuir sé úadh mé do sheanmóir an tsoisgél do na bochdoibh, do shlánughadh na ndáoine agá bhfuilid croidhthe brúidhte, do sheanmóir fúasgalta do na braighdibh agus do da dalluibh aisioc a radhairc, agus do tabhairt sáoirsi don mhuinntir a tá ar na gcombrúghagh,
19 Do sheanm; óir bhadhna fhorbháiltigh an Tighearna.
20 Agus ar ndúnagh an leabhair dhó, agus ar na tabhairt arís don ghiolla, do shuidh sé. Agus do bháda suile a raibh ann sa tsínagoig uile ag féachain air go géur.
21 Agus do thionnsgain sé a rádh ríu, niugh a tá an sgiobtúirso ar na choimhlíonadh an bhur gclúasuibhsi.
22 Agus do rinneadar uile fiadhnuisi leis, agus do bhí iongantus aca ann sna combráitibh grásamhla do thigeadh as a bhéul. Agus a deirdís, An né nach é so mac Ióseph?
23 Agus a dubhairt sé ríu, Déara sibh rium gan ambarus an seanfhocalsa, A líagh, leighis thú féin: leitheid na neitheadh do chúalamar do rinne tú a Gcapernáum, déana mar an gcéudna ann so ad dhúithche féin íad
24 Agus a dubhairt seision, A deirim ribh go deimhin, Nách bhfuil cion ar fháidh ann a thír féin.
25 Achd go fírinneach deirimsi ribh, Go rabhadar morán baintreachach a láethibh Elias a Nísraél, an tráth do bhí an fhiormámeint druite trí blíadhna agus sé mhí, ionnas go raibh gorta mhór ar feadh na talmhan uile;
26 Achd níor cuireadh Blías dionnsoighe áon aca, achd go Sarepta na Sidonia, chuan mná do bhí na baintreabhaigh.
27 Agus do bhádar morán lobhar a Níseaél ré linn Eliséus an faidh; agus níor glanagh éin neach aca, achd Náaman an Sirianach.
28 Agus do líonadh a raibh ann sa tsíonagóig dfeirg, an tan do chúaladar na neithesi,
29 Agus ar néirghe na seasamh dhóibh, do theilgeadar as an gcathruigh a mach é, agus rugadar léo é ar mhaluidh an tsléibhe ar a raibh a gcathaire ar na togbháil, do chum go dteilgfidis síos a ndiaigh a chine é.
30 Achd ar ngabháil dosan tré na lár, do imthigh sé,
31 Agus do chúaigh sé síos go Capernáum, cathair don Ghalilé, agus do bhiodh sé dhá dteangasg ann sna sabboidibh.
32 Agus do bhí úathbhás acasan an a theagasg: óir do bhí a comhrádh maille ré hughdarrás.
33 ¶ Agus do bhí neach ann sa tsionagóig, ann a raibh spiorad deamhuaighe neamhghlan, agus do éigh sé do ghúth mhór,
34 Ag rádh, Uch; créud í an bhúain atá aguinne riot, a Iósa Nasardha? an dár sgrisne tháinic tú? a tá a fhios agumsa cia thú, Neach Náomhtha Dé.
35 Agus do imdhearg Iósa é, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as. Agus do imthigh an deamhan as, ar na thrasgairt go lár, gan díoghbháil ar bith do dhéanamh dhó.
36 Agus do ghabh crith cách uile, agus do labhradar ré chéile, ag rádh, Créud é an níse! go náithingheann sé do na spiorádaibh go neamhghlana lé cumhachdaibh agus lé neart, agus go dtigid siad a mach.
37 Agus do chúaidh a thúarasghbháil an gach uile ionard don tirsin tancheall.
38 ¶ Agus an tan do éirigh Iósa as an tsínagóig, do chúaidh sé a steach go tigh Shímóin. Agus do bhí fiabhrus romhór ar mháthair mhná Shimóin; agus do chuireadar impidhe airsean air a son.
39 Agus ar seasamh dhosan ós a cionn, do imdhearg sé an fiabhrus; agus dfag an fíabhrus í: agus ar néirghe dhisi do lathair do rinne sí friotholamh dhóibh.
40 ¶ Agus ar ndul don ghrein faoi, gach áon ága rabhadar dáoine eagcrúaidh ó thinneasaibh éugsamhla tugadar chuigesean íad; agus ar gcur a láimh dhósan ar gach áon díobh, do shlánuigh sé íad.
41 ¶ Agus fós do imthighid ís na deamhain as mórán, ag éighmhe, agus ag rádh, Is tusa Críod Mac Dé. Achd dá nimdheargadh dhósan ní léigheadh sé dhóibh a rádh: go raibh a fhios aca gur bhé féin Críosd.
42 ¶ Agus ar néirghe don lá, do imthigh sé a mach, agus do chúaidh sé a nionad fasamháil: agus do bhí an slúagh agá lorgaireachd, agus tangadar chuige, agus do bhádar dá chonghbhail, do chum nách achradh sé úatha.
43 Achd a dubhairt seision ríu, Go firinneach is éigin damhsa flaitheas Dé do sheanmóir do chaithreachaibh eile leis: óir is chuige so do cuireadh mé.
44 Agus do bhíodh sé ag deanamh seanmóra a síonagogaibh na Galilé.
Caibidil 5
Déis mirbhuilte an tachtair éisc, 10 do lean Siomon, Séumas agus Eóin, Criosd.
1 ¶ Agus tárla, an tau do ling an pobal air déisfeach ré bréithir Dé, gur sheas seision láimh ré loch Ghenesaret,
2 Agus do chonnairc sé dhá luing do bhí ar an loch achd do imthigheadar na híasgaireadha asda, agus do bhíadar ag nighe a líontadh.
3 Agus ar ndul dósan a loing dhíobh, do budh lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suidhe dhó do theagaisg sé an pobal as an luing.
4 ¶ Agus mar do sguir sé do labhairt, a dubhairt sé ré Símón, Déunuigh romhaibh ar an ndubhaigéun, agus leigidh sios bhir líontagh chum gabhála.
5 Agus ar bhfreagra do Shímon a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, do thuirrsigheamar sinn féin feadh na hoidhche uile, agus níor ghabhamair éin ní: achd cheana ar do bhreithir se cuirfe mé síos an líon.
6 Agus an tan do rinneadar so, do íadhadar ar iomarchuigh éisg: ionnus gur briseadh a líon.
7 Agus do sméideadar ar a gcompánachuibh, do bhí ann sa luing eile, do chum go dtiocfaidis chuca do thabhairt chunghnamh, dhóibh. Agus thangadarsan, agus do líonadar an dá luing, ionnus go rabhadar a niunmhe a mbáidhte.
8 Agus an tan do chonnairc Símon Peadar so, do shléuchd sé ag giúinibh Iósa, ag rádh, Imthigh úaim a Thighearna; óir is duine peacthach mé.
9 Óir do ghabh eagla é féin, agus a raibh na fhochair uile, ar son na gabhála éisg do ghabhadar:
10 Agus mar an gcéadna Séumas, agus Eóin, clan Shebedei, do bhí na gcompánachuibh ag Simon. Agus a dubhairt Iósa ré Símon, Na bíodh eagla ort; as so a mach bíaidh tú iasgaire ar dháoinibh.
11 Agus an tan tugadarsan a ienga chum tire, ar bhfagbháil an uile neither dhóibh, do leanadar eisean.
12 ¶ Agus tárla, an tan do bhí sé a ccathruigh áirighe, fénch óglach lán do lubhra: agus ar bhfaicsin Iósa dhó do leig sé é féin síos ar aghaidh, agus do ghuidh sé é, a rádh, A Thighearna, más toil leachd é, is éidir leachd misi do ghlanadh
13 Agus ar sineadh a láimhe, do bhean sé ris, ag radh, As toil: bí glan. Agus dfag an lubhra é ar an mball.
14 Agus do aithin sé dhe gan a innisin do dhuine ar bith: achd imthigh, taisbéin thú féin don tsagart, agus íodhbair ar son do ghlanta, mar do aithin Máoisi, mar fhíaghnaisi dhóibh.
15 Achd is móide do leathnuighe a thúarasghbháil sin: agus do chruinnigh slúagh mór déisdeachd ris, agus dfagháil fóiríghne a dteinneas úadh.
16 ¶ Achd do chúaidh seisean fá leith ar an bhfasach, agus do rinne sé urnuighe.
17 ¶ Agus tárla go raibh sé lá áirighe, ag teagasg, agus go rabhadar na Phairisínigh agus doctúirí an dlighe na suidhe a láthair, noch tháinic as gach uile bhaile don Ghalilé, agus do thir Iúdaighe, agus ó Jerusaléim: agus do bhí cumhachda an Tighearna chum a slánuighthe.
18 Agus, féuch, do íomchradar dáoine a leabuidh oglach do bhí a bpairilis: agus do íarradar a thabhairt a sdeach, agus a chur na fhíadhnuisisean.
19 Agus an tráth nach bhfuaradar cáoi ar a thabhairt a sdeach tré mhéud ná cuideachda, do chúadar súas ar a tigh, agus do léigeadar é féin, agus a leabuidh sios tríd an slinnteach ar lár, a bhfíaghnuisi Iósa.
20 Agus ar bhfaicsin a gcreidimh dhósan, a dubhairt sé ris, A dhuine, a táid do pheacuidh ar na maithleamh dhuit.
21 Agus thionnsgnadar na sgríobuidhe agus na Phairisinigh diosbóireachd do dhéanamh, ag rádh, Créd é an fearsa labhras blaisphéimighe? Cía fheúdus peacuigh do mhaitheamh, achd Día ná áonar?
22 Achd ar naithne a smúaintighe Díosa, do fhreagair sé, agus a dubhairt sé ríu; Créd é an ní so smuaintighthísi an bhur gcroidhthibh?
23 Cia is usa, a rádh, A táid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit; ná a rádh, Eirigh agus siobhail?
24 Achd do chum go mbeith a fhíios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine, peacuidh do mhaitheamh ar an dtalamh, (a dubhairt sé ré fear na pairilisi,) A deirimsi riot, Eirigh, tóg do leabuidh, agus imthigh dod thigh.
25 Agus ar néirghe dhósan ar an mball an a bhfiadhnuisi, do thóg an leabuidh an raibh sé na luighe, agus do chuaidh sé dhá thigh fein, ag moládh Dé.
26 Agus do ghabh úathbhás cách uile, agus do mholadar Día, agus do líonadh deagla íad, ag rádh, Do choncamair neithe doichreidte a niugh.
27 ¶ Agus tar éisi so do chúaidh Iósa a mach, agus do chonnairc sé puibliocán, dár bháinm Lébhi, na shuidhe ag bord an chusduim: agus a dubharit séris, Lean misi.
28 Agus ar bhfágbháil gach éin neithe dhósan, déirigh sé, agus do lean sé eisean.
29 ¶ Agus do rinne Lébhi féusda mór dhó an a thigh féin: agus do bhí cuideachda mhór phuibliocán agus dáoine eile do shuidh na bhfochair.
30 Agus do rinne cuid díobh do bhi na sgríobuidhibh agus na Bhphairisíneachuibh monabhar a naghaidh a dheisciobalsan, ag rádh, Creud fá niththísi agus fá nibhthí a bhfochair na bpuibliocán agus na bpeacthach?
31 Agus ag freagra a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil ríachdanus leágha ar na dáoinibh slána; achd ar na dáoinibh tinne.
32 Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacthach chum aithrighe.
33 ¶ Achd a dubhradarsan ris, Créud fá dtroisgid deisciobail Eóin go minic, agus créd fá ndéunuid síad urrnaighe, agus mar an gcéudna deisciobail na Bhphairisíneach; achd ithid agus ibhid do dheisciobailsi?
34 Agus a dubhairt seision ríu, An bhféadtáoisi a thabhairt air chloinn tséomra an fhir núa phósda trosgadh do dhéunamh, an feadh bhías sé féin na bhfochair?
35 Achd tiocfaid na láethe an tan bhéurthar an fear núa phósda úatha, ann sna láethibh sin do dhéunuid síad trosgadh.
36 ¶ Agus a dubhairt sé fós tré chosamhlachd ríu; Ní chuireann neach ar bith preabán éuduigh núa air sheanchulaidh, nó, brisidh an téudach núa é, agus ní thig an preabán núaéuduigh leis a tseinéudach?
37 Agus ní chuireann duine ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh; nó brisfidh an fíon núa na buidéil, agus dóirtfidhear an fíon agus rachuid na buidéil a múgba.
38 Achd fíon núa is cóir do chur a mbuidéuluibh núadha; agus béid síad aráon slán.
39 Agus ní bhfuil duine ar bith ibheas seinfhíon lér ab áill fíon núa ar ball: óir a deir sé, Is é seinfhíon is folláine.
Caibidil 6
Fúascaltá na ceisde um na sáoire, 20 le searmóin um shonuis agus anrath, 27 agus ghrádh dar neascairdibh.
1 ¶ Agus tárla ag ghabháil trí ghortuibh dhósan, an dara sábboid taréis an cheud gur bheanadar a dheisciobáil déusa, agus tar éis a gcunnealta eidir a lámhuibh dhóibh, dúadar íad.
2 Achd a dubhradar cuid do na Pharisineachuibh ríu, Créd fa ndéuntáoi ní nach indéanta ann sa tsáoire?
3 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An né nár leughabhuirsi an ní so, do rinne Dáibhi, an tan do bhí ocrus air féin, agus ar an mhuinntir do bhí na fharradh;
4 Cionnus do chúaidh sé a sdeach go tigh Dé, agus do ghlac sé arán na fiaghnuisi agus a dúaigh sé é, agus tug sé fós don mhuinntir do bhí na fhochair é: noch nár choir ithe achd do na sagurtuibh amháin?
5 Agus a dubhairt seisean ríu, As Tighearna don tsábboid féin Mac an duine.
6 ¶ Agus tárla fós a sábbóid eile, go ndeachuidh seisean a sdeach don tsinagóg agus gur theaguisg sé: agus do bhí óglach ann sin agá raibh a lámh dheas ar na seargadh.
7 Agus do bhí coimhéud ag na sgríobuidhibh agus ag na Pharisineachuibh airsean, dá fhéuchuin an ndéanadh sé leigheas ann sa tsábbóid; do chum go bhfuighidís adhbar gearáin air.
8 Achd daithin seisean a smúaintighthe, agus a dubhairt sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthuigh, Eirigh, agus seas a lar cháich. Agus do éirigh seision agus do sheas sé.
9 Ann sin a dubhairt Iósa ríusan, Fíafróchaidh misi dhíbhsi ní áirighe An cóir maith do dheanamh, nó olc dhéanamh sá tsábbóid? anum do shábháil, nó do sgrios?
10 Agus an tan do fhéuch sé orrtha uile na thimcheall, a dubhairt sé ris a nóglach, Sín amach do lámh. Agus do rinne seisean mar sin: agus do haiseagadh a lámh slán mar an lámh eile.
11 Agus do líonadh íadsan do chuthach; agus do lúaidheadar ré a chéile créd do dheunaidis ré Híosa.
12 ¶ Agus tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh seisean amach ar shlíabh do dhéunamh úrnaighe, agus do chaith sé an oidhche ag guidhe Dé.
13 Agus ar néirghe don lá, do ghoir sé a dhesiciobail chuige: agus do thogh sé dhá fhéar dhéug asda, dár ghoir se absdail;
14 Simon, dár ghoir sé fós Peadar, agus Aindrías a dhearbhráthair, Séumas agus Eóin, Philip agus Bartoloméus,
15 Matha agus Tomás, Séumas mac Alphei, agus Simon da ngoirthear Selótes.
16 Iudás deatbhráthair Shéumuis, agus Iudás Iscariót, (an té fós do bhráth eision).
17 ¶ Agus táinig sé a núas léo, agus do sheas sé ar mhachuire réidh, agus a choimhthionól deisciobail, agus mórán mór do phobal ó thír Iúdaighe uile agus ó Ierusalem, agus ó chois fairrge Thírus agus Shídon, noch tháinig deisdeachd leisin, agus dfagháil leighis ar a neasláintibh;
18 Agus a raibh ar ná gciorrbhadh ag spioraduibh neamhglana, agus do leighiseadh íad.
19 Agus do bhí an slúagh uile ag íarruidh cuimealta ris: óir do bhídh subhailce ag dul úadh, agus do shlánuidh sé iad uile.
20 ¶ Agus are dtógbháil a shúl súas dósan air a dheisciobluibh, a duiubhairt sé, As beannaighthe sibhsi a dháoine bochda: óir as libh flaitheas Dé.
21 As beannaighthe sibh a dháoine atá ocrach a nois: óir sáiséochthar sibh. As beannaighthe sibhsi cháoidheas a nois: óir do dhéuntáoi gáire.
22 As beannaighthe bheithí, an tráth fhúathóchuid dáoine sibh, agus chuirfid siad as a gcuideachda sibh, agus imdheargfuid sibh, agus chuirfid bhur nainm amach mar olc, ar son Mhic an duine.
23 Déunnidh gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na faibhibh.
24 Achd as anáoibhinn dáoibhsi a dháoine saidhbhre! óir atá bhur sólás aguibh.
25 As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá sáitheach! óir biáidh ocras orúibh. As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá a gáirighe a nois! óir cáoifidhe agus goilfidhe.
26 As anáoibhinn dáoibh, an tráth a déuruid na huile dháoíne mith ribh! óir as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na fáidhibh fallsa.
27 ¶ Achd a deirim ribhsi atá ag éisdeachd, Grádhuighidh bhur námhuid, déunuidh maith don dreim air ar fúadh sibh,
28 Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh, agus déunuidh urrnaíghe ar son na muinntire do ní bhur ndíoghbháil.
29 An té bhúaileas tú air a ngíall iompó chuige an gíall eile; agus an té bheanus do chlóca dhíot ná bac dhe do chíota fós a bhreith leis.
30 Agus tabhuir do gach neach íarrus ort; agus ón te thógbhás do chuid úait ná híarr air ais é.
31 Agus mar as toil libh dáoine do dhéunamh dhíbh, deunuidhsi mar an gcéudna dhóibhsin.
32 Oír má tá grádh aguibh don mhuinntir ghrádhuigheas sibh, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir grádhuighid ná peacthuigh féin na dáoine ghrádhuigheas íad.
33 Agus má níthí maith don mhuinntir do ní maith dhíbh, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir do níd na peachtuidh féin an gcéadna.
34 Agus dá dtugtháoi áirleagadh dona dáoinibh ó a sáoltí a fhagháil a rís, créud é an buidheachus bhias oruibh? óir do bheirid na peachthaidh áirleagadh do na peachthachaibh, do chum go bhfuighdís a leitheid a rís.
35 Ar a nadhbharsin grádhuighidh bhur námhuid, agus déunuidh maith, agus tabhruidh áirleaghadh úaibh, gan súil ré héinní arís; agus budh mór bhur lúaideachd, agus beithí bhur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoinibh dombuídheacha agus saithe.
36 Ar a nadhbharsin bíthísi trócaireach, mar atá bhur Nathuir trocuireach.
37 Agus ná beiridh breath, agus ní bhéurthar breath oruibh: ná damnuighe, agus ní daiméontar sibh: maithidh, agus maithfithear dháoibh:
38 Tabhruidh úaibh, agus do bhéurthar dháoibh; agus do bhéuruid dáoine an bhur nnched, moisúr maith, dingthe, craithte agus ag dul thairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoimhéosdáoi, toimhéosdar mar an gcéudna dháoibh.
39 Agus do labhuir se cosamhlachd ríu, An bhféudann an dall dhall eile dothreorigheadh? an ne neach duitdfid aráon sa díg?
40 Ní bhfuil an deisciobal ós cionn a mhaighisdir: achd gidh bé neach bhus diongmhála, bíaidh sé mar a mhaighisdir.
41 Agus créud fa a bhfaiceann tú an broth beag a súil do dhearbhráthar, agus nach dtugair dod aire an tsail atá ad shúil féin?
42 Nó cionnus as éidir leachd a rádh réd dhearbhrathair, A dhearbhrathair, léig dhamh an broth atá ad shúil do bháin aisde, agus nách bhfaiceann tú an tsail atá ad shuil féin? A fhir an dhúarchrábhuidh, ar tus teílg amach an tsail as do shuil féin, agus an sin bhus léir dhuit, an broth atá a súil de dhearbhráthar do bhúain aisde.
43 Oír ni maith an crann iomchras drochthoradh; agus ní holc an crann iomchras toradh maith.
44 Oír is ó a thoradh aitheantar gach uile chrann. Oír ní chruinnighid dáoine fígidhe do dheilgneach, na cáora fineamhna do dhriseach.
45 Do bheir an duine maith ní maith as cisde maith a chroidhe féin; agus do bheir an droch dhuine droch ní as droch chisde a chróidhe fein: oír is as iomarcuidh an chróidhe, labhrus an béal.
46 ¶ Achd créud fá ngoirthísi, A Thighearna, a Thighearna dhíomsa, agus nach déuntáoi na neithe a deirim?
47 Gach uile neach thig chugamsa, agus éisdeas rém bhríaththruibh, agus do ní dhá reir, foillséochuidh mé dháoibhsi cía ré ar cosmhuil é:
48 As cosmhuil é ré neach do thóg a thigh, agus do thochail, agus do chúaidh go domhuin a dtalumh, agus do chuir a shocrughadh ar charruig: agus mar tháinig an tuile, do bhúail an sruth go fíochmhar fán dtigh úd, achd níor bhéidir leis a chorrughadh: óir do bhí sé socrughthe ar charruig.
49 Achd gidh bé chluin, agus nach deun, as cosmhuil é ré neach do thóg a thigh air thalamh gan socrughadh; air ar bhúail an tuile go fíochmhar, agus do thuit sé do láthair; agus ba mór tuitim an tighe sin.
Caibidil 7
Sáruighthe an caiptin pagnnach na Hiuduighe a ccreideamh. 36 Bí Criosd na charaid don pheacthach úirisil.
1 Agus an tráth do chríochnuigh sé a bhríathra uile a néisdeachd an phobail, do chúaidh sé a sdeach go Capernáum.
2 Agus do bhí óglach caiptin áirighe, go bréoite, a riochd bháis, air a raibh cion mór aige.
3 Agus an tan do chúaluidh sé tuarasgbháil Iósa, do chuir sé sinnsir na Níuduighe chuge, ag íarruidh air teachd agus a shearbhfhoghantuidhe shlánughadh
4 Agus an tan thangadar so chum Iósa, díarradar air go díthcheallach, ag rádh, Gur bhfíu é so do thabhuirt dó:
5 Oír atá grádh áige dar gcineadhne, agus do thóg sé sionagóg dhúinne.
6 Agus do chuaidh Iósa léo. Agus an tan do bhí sé a ngar don tigh, do chuir an caiptín a cháirde chuige, ag rádh ris, A Thighearna, Ná cuir búaidhreadh ort féin: óir ní fíu misi go rachfá a sdeach fá chléith mo thighe:
7 Ar a nadhbharsin níor mheas mé gur bhfíu mé féin dul ad ionnsuighe: achd abhuir a bhfocal, agus bíaidh móglach slán.
8